Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Foláirimh agus sonraí in CFS

Níl in CFS ach foláirimh maidir le daoine nó ábhair a thagann faoi cheann de na catagóirí foláirimh seo a leanas:

  • Cinntí um fhilleadh: foláirimh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag tíortha Schengen.
  • Teacht isteach agus fanacht a dhiúltú: foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil i dteideal teacht isteach nó fanacht i Limistéar Schengen.
  • Daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil: foláirimh maidir le daoine a bhfuil Barántas Gabhála Eorpach nó Iarraidh ar Eiseachadadh (an Eilvéis agus Lichtinstéin) eisithe ina leith.
  • Daoine ar iarraidh: foláirimh chun daoine ar iarraidh a aimsiú, leanaí san áireamh, agus chun iad a chur faoi chosaint más dleathach agus más gá.
  • Leanaí a bhíonn i mbaol a bhfuadaithe ag a dtuismitheoirí, a ngaolta nó a gcaomhnóirí féin: foláirimh chun fuadach leanaí den sórt sin agus cásanna ina dtéann leanaí ar iarraidh a chosc
  • Daoine leochaileacha nach mór iad a chosc ar a bheith ag taisteal: foláirimh chun daoine leochaileacha (daoine fásta nó leanaí) a chosaint ar a dtabhairt thar lear go neamhdhleathach nó chun iad a chosc ar a bheith ag taisteal gan na húdaruithe is gá.
  • Daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cúnamh a thabhairt i nós imeachta breithiúnach: foláirimh chun áit chónaithe nó sainchónaí daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cúnamh a thabhairt i nósanna imeachta breithiúnacha (finnéithe, mar shampla) a fháil amach.
  • Daoine agus ábhair le haghaidh seiceálacha discréideacha, seiceálacha sonracha nó fiosrúcháin: foláirimh chun faisnéis a fháil faoi dhaoine nó faoi ábhair ghaolmhara chun cionta coiriúla a ionchúiseamh agus chun bagairtí ar an tslándáil phoiblí nó náisiúnta a chosc.
  • Daoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu: foláirimh nach bhfuil iontu ach na méarloirg agus na loirg dhearnana ar le déantóir ciona iad a aimsítear ag láithreacha cionta sceimhlitheoireachta nó ag láithreacha coireanna tromchúiseacha eile atá faoi imscrúdú. Is chun an déantóir coire a shainaithint faoin dlí náisiúnta a eisítear iad.
  • Ábhair lena n-urghabháil nó lena n-úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla: foláirimh faoi ábhair (mar shampla, feithiclí, doiciméid taistil, uimhirphlátaí agus trealamh tionsclaíoch) a bhfuiltear sa tóir orthu lena n-urghabháil nó lena n-úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla. Féadfar foláirimh faoi dhoiciméid taistil a eisiúint freisin go sonrach chun an duine a bhfuil na doiciméid taistil sin ina sheilbh aige a chosc ar a bheith ag taisteal.

Na cineálacha sonraí a iontráiltear in CFS

Seo a leanas na cineálacha sonraí atá in CFS:

Maidir le daoine:

  • Sonraí aitheantais: Na sonraí is gá chun an duine atá á lorg a shainaithint agus faisnéis eile atá ábhartha don úsáideoir deiridh atá i mbun cuardaigh.
  • Cúis an fholáirimh: ‘Cúis leis an bhfoláireamh’ ina ndéantar cur síos, ar bhealach struchtúrtha, ar an bhfáth a bhfuil an duine á lorg.
  • An ghníomhaíocht atá de dhíth: ‘Gníomh le déanamh’, ina ndéantar cur síos, ar bhealach struchtúrtha, ar an méid nach mór don oifigeach a dhéanamh nuair a aimsítear an duine.
  • Faisnéis maidir le himeachtaí coiriúla: An chóip den Bharántas Gabhála Eorpach (BGE) i leith duine a bhfuiltear sa tóir air lena ghabháil agus sonraí maidir le híospartaigh mí-úsáidte céannachta (i gcás inarb infheidhme).
  • Grianghraif: Grianghraif den duine is ábhar don fholáireamh.
  • Méarloirg agus loirg dhearnana: Sonraí dachtalascópacha (méarloirg agus/nó loirg dhearnana) an duine is ábhar don fholáireamh.
  • Faisnéis maidir le hábhair a bhaineann le daoine: Sonraí faoi ábhair a iontráiltear in CFS chun duine is ábhar d’fholáireamh a aimsiú, mar shampla, an fheithicil atá in úsáid ag an duine atá á lorg – is le foláirimh maidir le daoine faoi Airteagail 26, 32 agus 34 de Rialachán Póilíneachta CFS is féidir na sonraí sin a chur, agus iad sin amháin.
  • Doiciméid aitheantais: Sonraí ina ndéantar cur síos ar dhoiciméad aitheantais an duine is ábhar don fholáireamh – is féidir cóip den doiciméad a chur i gceangal.
  • Méarmharcanna agus bosmharcanna: Sonraí dachtalascópacha (méarmharcanna agus/nó bosmharcanna) a aimsítear ag láithreacha coire.
  • Próifíl DNA: Próifíl DNA an duine is ábhar don fholáireamh nó baill an teaghlaigh (i gcás daoine atá ar iarraidh agus ar gá iad a chur faoi chosaint, agus sa chás sin amháin).

Maidir le hábhair:

  • Sonraí aitheantais: Sonraí a bhfuil gá leo chun an t-ábhar atá á lorg a shainaithint, agus faisnéis eile atá ábhartha don úsáideoir deiridh atá ag déanamh cuardaigh.
  • Cúis an fholáirimh: ‘Cúis leis an bhfoláireamh’ ina ndéantar cur síos, ar bhealach struchtúrtha, ar an bhfáth a bhfuil an t-ábhar á lorg. 
  • An ghníomhaíocht atá de dhíth: ‘Gníomh le déanamh’, ina ndéantar cur síos, ar bhealach struchtúrtha, ar an méid nach mór don oifigeach a dhéanamh nuair a aimsítear an t-ábhar.
  • Íomhánna: Pictiúir/grianghraif den ábhar.

‘An t-úinéir sonraí’ is ea an tír a iontrálann an foláireamh agus na sonraí gaolmhara in CFS. Is éard a chiallaíonn sé sin gur ag an tír sin amháin atá an cead an foláireamh a nuashonrú nó a scriosadh.

Tá cáilíocht, cruinneas agus iomláine na n-eilimintí sonraí lena gcumasaítear sainaithint ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar CFS. I gcás foláirimh maidir le daoine, is é seo a leanas an tacar sonraí íosta:

  • ainm
  • bliain bhreithe
  • tagairt don chinneadh is cúis leis an bhfoláireamh
  • an ghníomhaíocht atá le déanamh

Nuair atá fáil orthu, ní mór grianghraif agus méarloirg a chur isteach chun an tsainaithint a éascú agus chun sainaithint mhícheart a sheachaint. Ina theannta sin, leis an gcóras is féidir naisc a chur isteach idir foláirimh (mar shampla, idir foláireamh maidir le duine agus feithicil).

Bithmhéadracht

Ó bhí 2013 ann, is féidir le CFS méarloirg a stóráil ar féidir iad a úsáid chun céannacht duine a aimsíodh ar mhodh eile a dheimhniú. Le tabhairt isteach AFIS (Córas Aitheantais Uathoibrithe Méarlorg) i mí an Mhárta 2018, áfach, is féidir daoine a shainaithint trí úsáid a bhaint as a méarloirg amháin. A bhuí leis an gcóras sin, beidh sé níos deacra fós do choirpigh agus do dhaoine eile ar díol spéise iad dul isteach san Aontas agus bogadh laistigh de agus iad ag úsáid doiciméid ghóchumtha nó bhrionnaithe, nó doiciméid ar le daoine eile iad.

Ó mí an Mhárta 2023 ar aghaidh, stóráiltear in CFS loirg dhearnana, méarloirg agus bosmharcanna chomh maith. Baintear úsáid as iad sin chun cuardaigh bhithmhéadracha a dhéanamh agus chun céannachtaí a dheimhniú. Ó mí an Mhárta 2023 ar aghaidh, stóráiltear in CFS próifílí DNA daoine a tuairiscíodh a bheith ar iarraidh, nó próifílí DNA a dtuismitheoirí, seantuismitheoirí nó siblíní, chun céannacht a dheimhniú.